223
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá saothair ealaíne á n-ionsaí le tamall anuas de bharr go bhfuil siad graosta, dar le daoine áirithe. Ní nós nua ar bith é seo, áfach, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»I rith na bliana seo, tá Ciara Nic Gabhann ag tabhairt eolais mar gheall ar na dánlanna agus áiteanna eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Flórans.
»»»Tugann Colm Ó Snodaigh cuntas dúinn san alt seo ar an dul chun cinn atá déanta ag roinnt daoine agus comhlachtaí i leith ceapadh an cheoil ag an duine a bhfuil éalang ag cur as dó. Is trua a deir sé, nach raibh an deis seo, My Tobii, ar an bhfód le linn do Christopher Nolan fás aníos, fear a chruthaigh in aghaidh gach constaice nach féidir fear an mhisnigh a chloí.
»»»Chonaic Ray Mac Mánais fiúntas agus saibhreas in imeacht na mblianta ag Oireachtas na Gaeilge agus má dhruid an duibheagán leis go bagrach ar an láimh eile, thóg an dream óg a chroí lena gcuid spleodair.
»»»Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir. Is slí thaistil éasca é agus gheobhaidh tú radharc amach ar áille na mara agus ar na hoileáin.
»»»Bhí ceolchoirm mhór amhránaíochta ar siúl i Loch Garman le déanaí ina raibh breis agus 500 dalta scoile páirteach. Bhí an cheolchoirm seo mar chuid de “Abair Amhrán ar an Sean-nós”, tionscadal de chuid rannóg ealaíon Chomhairle Chontae Loch Garman a bhfuil sé mar aidhm aige amhránaíocht thraidisiúnta an chontae a chur chun cinn sna scoileanna. Labhair Antaine Ó Faracháin le beirt ón gcomhairle atá bainteach leis an tionscnamh, Rosaleen Molloy, Oifigeach Ealaíon an Chontae, agus a comhghleacaí Ann Brazil.
»»»Ní thig leis an tír seo teacht i dtír ar thurasóireacht siúlóide gan dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le cearta fánaíochta dar le Breandán Delap
»»»Ní thuigeann Dáithí Ó Colchúin cén fáth ar thug na meáin chumarsáide san Astráil oiread airde ar chruachás beirt mhianadóirí a bhí sáinnithe faoin talamh agus ar thug siad neamhaird ar scéal eile a bhí chomh corraitheach céanna.
»»»Cailleadh Mick Holden, sárimreoir iomána agus peile a d’imir ar fhoirne Bhaile Átha Cliath sna seachtóidí agus na hochtóidí, ar an 26 Meán Fómhair. Cailliúint ollmhór is ea a bhás, ní hamháin dá mhuintir, ach do CLG i gcoitinne, dar le Colm Mac Sealaigh.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: comharsanaigh challánacha.
»»»Ón mhí seo ar aghaidh, cuirfear an léirmheas is fearr a scríobhadh sa mhí roimhe sin faoi Leabhar na Míosa ar ClubLeabhar.com i gcló in Beo!. Is í Sinéad Nic an Bháird an té a scríobh an léirmheas is fearr ar leabhar mhí an Aibreáin, Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe a shúil ar an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír, a tharla le barr sainte daoine, dar leis. Is é a mheas go dtiocfaidh athrú chun feabhais ar an leagan amach polaitíochta in Éirinn dá bharr.
»»»Chas Tony Birtill le fear an-ait agus é amuigh ag siúl i Cheshire le gairid agus fuair sé amach ina dhiaidh sin gur duine a bhí ann atá an-tugtha don fhoréigean.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.